An Triúr Muc Beag

Bhí triúr muc beag clúiteach in Éirinn fadó. Lúrcán, Orcán agus Torcán a n-ainmneacha.

Lá amháin ba mhithid dóibh teach a máthar a fhágáil agus fearann dá gcuid féin a lorg. Nuair a d'imigh siad dúirt a máthair leo:

“Cibé gníomh a dhéanfaidh sibh, déanaigí bhur ndícheall leis. Is mar sin a bheidh rath oraibh sa saol.”

Rinne Lúrcán, an chéad mhuc bheag, a theach as luachair, ós é sin ab fhusa dó.

Rinne Orcán, an dara muc bheag, a theach as caolach. Bhí sé sin níos láidre ná teach luachra.

Rinne Torcán, an tríú muc bheag, a theach as clocha.

Oíche amháin tháinig an Faolchú Feoiliteach Fuilteach chuig an chéad mhuc. Ba mhaith leis muca beaga méithe a ithe.

Chonaic sé an chéad mhuc bheag ina theach luachra.

“Lig isteach mé, lig isteach mé,” arsa an Faolchú Feoiliteach Fuilteach.

“Ní ligfidh!” arsa an chéad mhuc bheag.

“Mura ligfidh,” arsa an Faolchú, “bolgfaidh mé agus séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach go mbeidh an díon anuas ar do cheann.”

“Dar guaire mo smig-eáin-ín, ní ligfidh,” arsa an mhuc bheag.

Ach leag an Faolchú an teach,

agus d'ith sé an chéad mhuc bheag.

Tháinig an Faolchú ansin go dtí an teach caolaigh.

“Lig isteach mé, lig isteach mé, a mhuicín, nó bolgfaidh mé agus séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach go mbeidh an díon anuas ar do cheann.”

“Dar guaire mo smig-eáin-ín, ní ligfidh,” arsa an mhuc bheag.

Ach leag an Faolchú an teach sin freisin,

agus d'ith sé an dara muc bheag.

Tháinig an Faolchú ansin go dtí an teach cloiche.

“Lig isteach mé, lig isteach mé, a mhuicín, nó bolgfaidh mé agus séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach go mbeidh an díon anuas ar do cheann.”

“Dar guaire mo smig-eáin-ín, ní ligfidh,” arsa an tríú muc bheag.

Bholg an Faolchú mar sin féin agus shéid sé in aghaidh an tí cloiche,

ach ní raibh sé in ann é a leagadh.

Ba shean agus ba chliste an mac tíre é, áfach. Suas leis ag léim agus ag dreapadh ar dhíon an tí go bhfaighe sé slí isteach sa teach cloiche.

Chonaic an mhuc bheag an Faolchú ag dreapadh suas ar an díon. Las sé bladhmsach thine ar an teallach agus chuir sé coire mór lán uisce uirthi.

Tháinig an Faolchú go dtí forléas an tí.

Léim sé tríd agus thuit sé isteach sa choire de uisce fiuchta. Fuair an Faolchú Feoiliteach Fuilteach bás triarach, ó thitim, ó thine, agus ó uisce.

Bhí Éire lán de chlú na muice bige. Torcán Faolmharfóir an t-ainm a bhí air uaidh sin amach.

D’aistrigh Dennis King an scéal seo go Gaeilge. Tharraing Theresa Illés na léaráidí.

Author: Dennis King, 2009-06-13
Report web errors to: Caoimhín Ó Donnaíle