Tríar Manach

Scéal Grinn Meánaoiseach ó Éirinn

Curtha in Eagar, Aistrithe, Maisithe agus Léite Os Ard
le
Dennis King

nahua voluta

Tagann an Scéal chun Solais

Foilsíodh Silva Gadelica: A Collection of Tales in Irish, cnuasach scéalta a chuir Standish Hayes O'Grady in eagar agus a d'aistrigh, sa bhliain 1892 i nDún Éidean. Rinne O'Grady tagairt, i mbrollach an leabhair, don naomhsheanchas is giorra, dar leis, sa traidisiún Gaelach. Rinne sé achoimre air:

“Three penitents resolved to quit the world for the ascetic life, and so sought the wilderness. After exactly a year's silence the first one said: ‘'tis a good life we lead.’ At the next year's end the second answered: ‘it is so.’ Another year being run out, the third exclaimed: ‘if I cannot have peace and quiet here I'll go back to the world.’”

Dúirt O'Grady mar aguisín, “The original Irish is in a paper MS in the British Museum, but for the moment I have mislaid the reference.”

Tháinig an téacs Gaeilge chun solais faoi dheireadh sa bhliain 1926, nuair a foilsíodh é sa dara himleabhar den Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum, a chuir Robin Flower le chéile. Scríobh an Dr. Flower ar leathanach 586 gur léir dó go dtáinig an téacs ó “some mediæval MS.” Is annamh an téacs Sean-Ghaeilge a maireann an bhunchóip scríofa de anois. Déanadh cóipeanna, agus cóipeanna de na cóipeanna, de réir mar a ídiodh na seanlámhscríbhinní. Is dócha go bhfuil friotal an scéilín seo níos sine ná míle bliain d'aois, ach níl an scéilín féin ar fáil anois ach in aon lámhscríbhinn páipéir amháin. Richard Tipper ó Bhaile Mhistéil, Co. Bhaile Átha Cliath, a rinne an chóip seo de sa bhliain 1709. Tá an LS seo i dtaisce i Leabharlann na Breataine anois, faoin teideal Egerton 190.

Chuir an Dr. Flower an buntéacs ar fáil, ach níor aistrigh sé é:

“Triar mannach dorath (sic) diultadh don tsaoghal. Tiagait a fasach do athghaira a pecadh fri Dia Bhadar cin labhradh fri araile co ceann bliaghna. Is ann isbeart fear dibh fri aroile dia bliaghna ‘Maith atámm,’ ol se, ‘amen’ [...] co cionn bliaghnai. ‘Is maith ón,’ ar in dara fear. Batar ann ier suidhe co ceann bliaghna. ‘Toingim nam abith (sic),’ ar in treas fear, ‘mine lecthi ciunnus damh co n-imgeb in fasach uile dibh.’ Finis.”

Radharc Eile ar an Lámhscríbhinn

Bhí deis agam súil a thabhairt ar mhicrascannán den lámhscríbhinn sa bhliain 2008. Ba léir nach raibh trascríobh an Dr. Flower go hiomlán cruinn. Tá an trascríobh ceartaithe thíos, leis na focail choigeartaithe i gcló trom: tsaoghail, tiegait, uam, abit. Is beag an difear iad an chéad dá cheann, ach tá an dá cheann eile an-tábhachtach do thuiscint an téacs. Bhain mé an phoncaíocht uile a chuir an Dr. Flower leis an téacs de. Bhí dul amú air nuair a shíl sé gur cuid den chomhrá é an focal "amen".

TRIAR mannach dorath diultadh don tsaoghail. tiegait a fasach do athghaira a pecadh fri dia. bhadar cin labhradh fri araile co ceann bliaghna. IS ann isbeart fear dibh fri aroile dia bliaghna Maith atamm ol se amen.co cionn bliaghnai. IS Maith on ar in dara fear batar ann ier suidhe co ceann bliaghna Toingim uam abit ar in treas fear mine lecthi ciunnus damh conimgeb in fasach uile dibh. FINIS

Litriú agus Gramadach

Tá a lán focal sa lámhscríbhinn atá litrithe de réir chóras na Nua-Ghaeilge Clasaicí. Chuir mé cuma na Sean-Ghaeilge nó na Meán-Ghaeilge orthu, thíos, agus rinne mé amhlaidh leis an ngramadach i gcúpla áit. An t-aon athrú suntasach amháin a rinne mé ná “aithrigi” (aithrí) a chur in áit “athgaira” na lámhscríbhinne. Truaillíodh an focal seo le linn athchóipeáil an téacs, de réir dealraimh. Tá mé buíoch de Elisa Roma as é seo a chur ar mo shúile dom. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Liam Breatnach freisin as ciall an fhocail “uam” a shoiléiriú dom.

Na Léaráidí

Thóg mé an chuid is mó de na híomhánna sna léaráidí ó choidéacsanna Astacacha a scríobhadh i Meicsiceo díreach tar éis an choncais Spáinnigh. Tháinig an mhórchuid díobh, agus na daoine uilig, ón gCódice Boturini. Tháinig an sliabh, áfach, ón gCódice Aubin, an teach ó mhúrmhaisiú insan Templo de los Guerreros i Chichén Itzá, planta beag amháin ón gCódice Fejérváry-Mayer, agus an coinín taobh leis ó inscríbhinn ar Piedra de Tízoc. Chuir mé na híomhánna seo i dtoll a chéile de réir riachtanas an scéil, agus d'athraigh mé cuid acu go héadrom.

An Scéal in Ocht bPainéal

Cliceáil ar an uimhir Rómhánach le míniú focal ar fhocal den abairt a fheiceáil.

Éist leis an scéal i Sean-Ghaeilge.

illustration

Tríar manach do·rat díultad dont saegul.

Triúr manach a thug diúltú don saol.

I

illustration

Tíagait i fásach do aithrigi a peccad fri día.

Téann siad ins an fhásach chun aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí roimh Dhia.

II

illustration

Bátar cen labrad fri araile co cenn blíadnae.

Bhí siad gan labhairt lena chéile go ceann bliana.

III

illustration

Is and as·bert fer diib fri araile dia blíadnae, “Maith at·taam,” olse.

Ansin dúirt fear díobh le fear eile bliain amháin ina dhiaidh sin, “Táimid go maith,” ar seisean.

IV

illustration

Amein co cenn blíadnae.

Mar sin go ceann bliana.

V

illustration

“Is maith ón,” ol indara fer.

“Is maith go deimhin,” arsa an dara fear.

VI

illustration

Bátar and íar suidiu co cenn blíadnae.

Bhí siad ann ina dhiaidh sin go ceann bliana.

VII

illustration

“Toingim fom aibit,” ol in tres fer, “mani·léicthe ciúnas dom co n-imgéb in fásach uile dúib.”

“Dar m'aibíd,” arsa an treas fear, “mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaidh mé an fásach uile dóibh!”

VIII

An Scéal san Fhichiú hAois

Scéal Idirnáisiúnta Anois

Tá an scéilín seo liostáilte in The Types of International Folktales le Hans-Jörg Uther (Helsinki. 2004), mar a bhfuil an uimhir ATU (Aarne-Thompson-Uther) 1948 air. Pléadh é le déanaí in imleabhar 12 de chuid an Enzyklopädie des Märchens (Berlin. 2007). Déanann Uther tagairt do leaganacha den scéal ón Iorua, ón Fhionlainn, ón Fhreaslainn, ó Éirinn, agus ó thíortha Eorpacha nach iad. Achoimríonn sé an scéal mar a leanas:

Too Much Talk. Three silent men (trolls, brothers, captains, farmers) withdraw from the world and retreat to a hermitage (canyon, monastery, island). After seven years, one of them speaks, “I think I heard a cow moo”. The others are irritated but stay silent. Seven years later, another man says, “It could have been an ox”. The third is annoyed but does not speak. After seven more years, he says, “I am leaving this place because there is too much talking (noise)”.

Seo é an leagan Nua-Ghaeilge, a thaifead Séamus Ó Duilearga in Uíbh Ráthach agus a d'fhoilsigh sé in Leabhar Sheáin Í Chonaill (BÁC. 1977):

49. An Triúir Driothár san Oileán Uaigneach

Triúr driothár a imig ar luíng chún na faraige. Thugadar tamall math ar a’ bhfaraige, agus ní raibh aon talamh a’ buala leó, is bhí eagal ortha ná buailfeadh; ach sa deire do casach isteach go hoileán iad, a’s do bhí cuíllthe anuas go dtí an fharaige, agus cranna a’ fás aníos thríthi. Do cheangaluíodar a’ lúng ansan do chrann, agus d’imíodar féinig isteach fén dtír. N’fheacadar éinne, agus níor bhuail éinne leó. Luíodar ansan ar a bheith ag obair ’s a gnó ar feag seach’ mblian, agus i gciúnn na seach mblian labhair duin’ aca:

“Airím géim bó!” a duairt sé.

Ní’ thug éinne aon fhreagar’ ar a’ bhfocal san.

D’imig seach’ mblian eile thórsa. Labhair a’ tarna fear ansan, agus duairt sé: “Canad?”

D’fhan a sgéal mar sin ar feag seach’ mblian eile.

“Mara n-éisti sibh,” aduairt a’ tríú fear, “cuirfear as so sinn!”

Díortha ó Aon Seanscéal Amháin?

Ar feadh m'eolais, níl aon cheann de na leaganacha de ATU 1948 sna díolamaí béaloidis níos sine ná tús na fichiú haoise. Is cosúil nach raibh aon cheann acu ann ar chor ar bith roimh fhoilsiú Silva Gadelica sa bhliain 1892, an chéad uair a nocht an scéilín i mBéarla. Inniu, níos mó ná céad bliain ó shin, tá leaganacha de tar éis scaipeadh ar fud an domhain. Is Críostaí, Búdaí nó Hiondúch iad na manaigh sna leaganacha éagsúla seo. Tá an insint seo a leanas, mar shampla, le fáil in The Kitchen Chronicles: 1001 Lunches with J. Krishnamurti le Michael Krohnen:

“There are three monks, who had been sitting in deep meditation for many years amidst the Himalayan snow peaks, never speaking a word, in utter silence. One morning, one of the three suddenly speaks up and says, ‘What a lovely morning this is.’ And he falls silent again. Five years of silence pass, when all at once the second monk speaks up and says, ‘But we could do with some rain.’ There is silence among them for another five years, when suddenly the third monk says, ‘Why can’t you two stop chattering?’”