Straitéisí Cuardaigh san Dúil Bélrai -- Gluais Béarla - Sean-Ghaeilge

Patrúin

Ciallaíonn ‘?’ litir amháin (litir ar bith)
Ciallaíonn ‘*’ sreath de litreacha (litreacha ar bith)

Mar shampla, le focail dar críoch “acht” a fháil, scríobh:

*acht

Le focail dar tús “mor” agus dar críoch “d” a fháil, scríobh:

mor*d

Agus le gach focal le dà litir a fháil, scríobh:

??

Mura bhfaightear focal, is fiú go mór triail a bhaint as an fhocal le ‘*’ ina dhiaidh. Mar shampla, le "loaf*" gheobhar:

loaf (small)  aircháelán
loaf (small)srubán

checkboxes beaga ar an fhoirm cuardaigh a thabhrann duit dóigh eile chun saoróg, “*”, a chur roimh an fhocal nó ina dhiaidh.

Litriú na Sean-Ghaeilge

Litriú na gceannfhocal in DIL atá in úsáid tríd síos anseo.

Is minic dóigheanna éagsúla litrithe a bheith ar focal Sean-Ghaeilge, áfach. Mura bhfaigheann tú do fhocal le “áe”, mar shampla, bain triail as: ai, oi, oe, le síntí fada agus gan síntí fada. Seo samplaí eile (cuid mhaith acu ó David Stifter):

ae :: ai, oi, oe, aei, ao, aoi [agus a mhalairt]

é :: éi, éa

-nd :: -nn

-th :: -d

f séimhithe :: 0 (m.sh. nemfírinnech = nemírinnech)

éo :: éu (m.sh. indéoin, indéuin)

°iCe, °iCi :: °Ce, °Ci (m.sh. sétche, séitche)

°CaiC :: °CiC (m.sh. Notlaic, Notlic)

tch :: tg (m.sh. séitge, séitche)

euch :: eoch :: ech (m.sh. Euchu, Eochu, Echu)

ld :: ll (m.sh. acaldam, acallam)

mb :: mm (camb, camm)

m :: mm (cam)

Agus cuimhnigh, uaireantaí sna lámhscríbhínní déanacha:

d, b, g - go gciallaíonn siad t, p, c
dh, bh, gh - go gciallaíonn siad d, b, g
cc, tt ag tús focail - go gciallaíonn siad c, t le hurú /g, d/
nach scríobhtar séimhiú ar c, t = ch, th
srl.

Litriú an Bhéarla

An litriú Briotanach atá faoi réim anseo, .i. “plough, defence, labour” in áit “plow, defense, labor”, srl.

Giorrúcháin ghramadúla

nounnoun
verbverb
adj.adjective
adv.adverb
prep.preposition
pp.prepositional pronoun
pron.pronoun
num.numeral
conj.conjunction
part.particle
excl.exclamation
int.interrogative
phr.phrase

Faisnéis eile fá fhocail Shean-Ghaeilge

Gluais amháin atá san Dúil Bélrai. Fá choinne eolais breise ar na focail Shean-Ghaeilge agus Mheán-Ghaeilge, ba cheart duit amharc sa Dictionary of the Irish Language (Acadamh Ríoga na hÉireann) nó sa Lexique Étymologique de l'Irlandais Ancien (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath).

2006-09-01 CPD