|
Scoth na gCeoltóirí ó Thraidisiún Ghaeltacht na hAlban le tús a chur le cúrsaí samhraidh SMO
Tá Sabhal Mòr Ostaig, Coláiste na Gàidhlig ar an Oileán Sgitheanach, ag cur fáilte ar sheanchairde le tús a chur lena chúrsaí gairide sa tsamhradh seo. Beidh iarmhic léinn an choláiste i measc cuid de na daoine is clúití ó thaobh an cheoil traidisiúnta de ann - le bheith ag teagasc ar na cúrsaí gairide, cúrsaí a bhfuil tóir mhór ag teacht orthu.
Ón 12ú - 16ú Iúil, beidh Aonghas MacCoinnich agus Colm Ó Rua ann mar aon le baill eile den bhanna ceoil bríomhar agus cumasach, Dáimh, le scoth an teagaisc a chur ar fáil ar rogha gléasanna ceoil. Beidh Gabe McVarish ag teagasc fidléireachta, Colm Ó Rua i mbun bainseo agus maindailín, Aonghas MacCoinnich ar na píoba, agus beidh rang bodhráin ag James Bremner.
Beidh an grúpa clúiteach Cliar ann an tseachtain chéanna. Beidh Màiri Anna NicUalraig agus Magaidh Dhòmhnallach i mbun rang amhrán Ghàidhlig, Ingrid Henderson ag tabhairt ranga ar thionlacan pianó, agus Ross Martin i mbun giotáir. Chomh maith leis sin, beidh Iain Dòmhnallach, ceoltóir cónaithe an Choláiste, ag tabhairt rang feadóige.
An
tseachtain ina dhiadh sin, 19ú - 23ú Iúil, beidh Julie
Fowlis, Jenna Reid, Eilidh NicLeòid agus Carol Anne NicAoidh ón
ghrúpa bheoga Dòchas ag
an tSabhal Mór, i mbun ranganna feadóige, fidle, cláirsí
agus píob. Tá Eilidh, Carol Anne agus Julie ag tnúth
go mór le bheith ag teacht ar ais go Sabhal Mòr Ostaig: "Thaitin
ár sealsa ag an Choláiste go mór linn, agus i gcónaí
bíonn se deas filleadh agus chuile dhuine a fheiceáil. Bíonn
cuideachta mhaith ag na cúrsaí gairide agus le Fèis an
Eilein ar siúl san am chéanna bíonn preab san aer."
Tá lúcháir ar Shìm Innes, comhordnóir na gcúrsaí gairide ag Sabhal Mòr Ostaig, fáilte a chur roimh scoth na gceoltóirí: "Tá sé ar fheabhas go mbeidh bannaí ceoil chomh clúiteach ag teagasc ar ár gcúrsaí gairide. Cothaíonn sé meon ar leith na bannaí a bheith cruinnithe le chéile anseo agus is cinnte go mbeidh coicís iontach bríomhar againn."
Tá tuilleadh eolais ar na cúrsaí gairide ar fáil
ag líonláithréan
na gCúrsaí Gairid nó is féidir glaoch a chur
ar Shabhal Mòr Ostaig ag ++441471 888 240.
|