|
Leacht do Shabhal Mór Ostaig
Lá Bronnadh na gCéim
6 Deire Fomhair, 2006.
Fuaimeanna na hEorpa.
Más mian leat teacht ar mhalairt tuisceana ar scéal na hEorpa, is beag áit is spéisiúla tús a chur le h’obair ná stair ionntach an Dara Cogaidh Domhanda a scríobh an stairí Modris Eksteins Walking Since Daybreak. Agus tú ag siúl le hais an údair ar a thuras óna thír duchais, an Laitvia, tagann radharc eile chun solais ar stair na haoise deireannaí.Thar aon rud eile, feiceann tú tré radharc a shúile ar bhealach úrnua conas a chaith stair agus cinniúint leis na tailte fairsinge úd idir impireachtaí na Gearmáine agus na Rúise. Ar shlite aisteacha cuireann sé duine i gcuimhne ar innsint shaibhir Cheanadach scéala dúchais an limstéir seo ina bfhuilimíd inniu ag Alasdair McLeoid. Sé is cás le hEcksteins ná léargas a thabhairt dúinn ar a dhomhan féin, ag thógaint scéala a shin seanmháthair cinn - óir mar thus aistir agus a stair féin mar cheannscríbe- i gCeanada chomh maith, mar ar tháinig a mhuintir ar shaoirse dian-shaothraithe.
B’iad críoca na mBalt, na Lett, na Liv, na n’Est a thír dúchais; críocha nár shrois an Chríostáiocht ach nuair a tháinig marcaigh na Ridirí Teutonacha ar a n’eachanna cogaidh an treó ins na luath Meán -Aoiseana . Díreach taca an ama seo bliain ó shoin thugas féin cuaird ar an limistéar seo, ait a labhartar Setu agus Voru agus teangacha ársa nach iad, agus áit a caointear fós cás Sualannaigh an chósta a chuaigh soir nuair a d’imigh a ngaolta eile siar le sruth na mbealaí farraige. Do réir mar a ghluais na Gearmánaigh soir agus na Rúisigh siar, d’imigh na pobail seo as radharc, sloigthe ag uaillmhian na n’impireachtaí máguaird. Mar a bhéadh oileáin fó -thuinn nuair a thránn an tuile, tá radharc orthu in athuair agus iad ag éileamh cearta dá nglortha i gcumarsáid phoiblí na hEorpa. Suite in aontíos le teangacha idirnáisiúnta a bhfuil mór éileamh orthu, tá cead cainte acu anois ina bfhriotal dúchais, snátha i dtaiplís shaibhir iltheangach. Ach an mairfhídh an saibhreas seo in Eoraip ar a bhfuil sé ag dul dian fiú an manna ‘máthair theanga móide a dó’ a chur i bfheidhm? Aít a bhfuil an lá le mór theanga amháin- Béarla agus í ag cur teangacha eile chun fáin. Ait a bhfuil trácht ar ilteangeachas mar aidhm ídéalach ach gurb iad saintréithe an chainteora ilteangach bheith fireann, uirbeach agus ar mhórán oideachais. Ait a bhfuil fiú teangacha Stáit faoí bhrú.
Cuireadh an bhrí a dfhéadfhadh bheith leis seo go léir ó thaobh cultúir agus tuisceana i gcuimhne dom agus mé ag léamh an eagrán is déanaí d’iris an Irish Art Review. Iris iomráiteach, bhí léirmheas ann ar shaothar saoil Jerome Connor, fear ar dhein dealbhadóir tabhachtach dó ins na Stáit Aontaithe ag ag tús na h’aoise deireannaí. Fuair sé coimisiúin chun dealbhadóireachta poibli, ag nochtadh ‘comhbhá as an ngnáth’ le bundúchasaigh Meiriceánacha. I ráiteas spéisiúil agus tuisceanach, thug an t’udar le fios go mbfhéidir gur eascair an comhbhá seo as a chúlra mar chainteoir dúchais Gaeilge. Go deimhin saolaíodh Connor i ngleann ar a nglaotar an Com Dubh i leithinis Chorca Dhuibhne i gCiarraí ag ndeireadh na naoiú aoise déag, agus ar dhul ar imirce dó, tháinig a aibíocht chun ealaín chun solais.D’fhorbair sé a thalann faoí stiúir William Morris agus a ghluaiseacht ealaíonta i dtuaisceart stát Nua Eabhrac.
Bhain an ráiteas sin stad asam. Roinnt blianta ó shoin agus mé ag obair mar thíreólaí stairiúil í lar- oirthear Mheirceá, bhí mothúchán cailliúna ar chéanna de na mothúcháin ba threise ionam ag breathnú ar an tírdhreach- áit a raibh lorg na mbundúchasach Meirceánanch le braith go láidir san aer- easpa a dteanga úd agus mo theanga féin. Shiulaínn na dtailte seo ag iarraidh an t’am a bhí thart a shamhlú. Bhí áiteanna níos tarraingtí ná a chéile; ceann acu seo abea Wyalusing, faill árd foraoisithe a bhreathnaigh anuas ar chumar dhá abhann, an Wisconsin agus an Mississippi. Ansúd bhí treabh síochánta curadóirí ar díothaíodh iad ag an uaillmhian a tháinig le forbairt mianadóireacht luaidhe agus an teorainn talamhaíoch.
Cen fuaim a bhí ag a nguthanna? Conas a bhreathnaigh an domhan tréna súile? Conas a bhéadh ag an saol anois dá mairfhidís? Ní féidir a rá, cé go bhfuil bealaí sa tsaol atá anois ann lena leithéid a chaomhnú agus a thabhairt chun cuimhne a thabharfhadh léargas éigin dúinn ar a stair agua a gcultúr. Agus tagaimíd anois go dtín gcúis gur fiú caomhnú dá leithéid a dhéanamh ar theanga- athshealbhú smaointe, tuiscint, caonfhulaingt. Bheith níos saibhre ná mar a bhíomar. Bheith níos úirísle, bfhéidir. Bheith in ann ceol ciúin an chine daonna a chlos . An bfhuilimíd ar an mbóthar ceart?
Díreach anois tá an Choimisiún Eorpach tríd an SG Oideachas agus Cultúr ag cur an bhéim ar líonraí teangeolaíoch chun iolrachas teanga a chothú san Aontas Eorpach. Ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin- agus ní beag iad- a bhaineann le domhandú, eisimirce, forbairt eacnamaíoch agus an géilleagar eolais, táthar ag tabhairt faoí chaomhú iolrachas teanga. Ach le firinne tá an brú ar na mionteangacha ag fás, agus an beárna idir iad agus na mór -theangacha ag leathnú go mór. Dá airde sinn i leibhéil oideachais, sea is lú ann iad ; do réir mar a fágtar bunscolaíocht sea is lú sa churaclam iad agus is ar éigean atá siad ann ag ag triú leibhéal. Tá na mionteacha thíos leis nuair a thagann sé ag polasaithe inmheánacha alán stáit, cuid acu glan ina n’aghaidh. Mar chéimithe, tá pribhléid mhór agaibhse atá anseo inniu.
Bhí iniúchadh ar an gclaonadh atá ann inniu Achtanna Teanga a bhunú faoi chaibidil anseo i Sabhal Mór Ostaig ag comhdháil BETN, Páirtnéireacht in Éagsúlacht i mí an Mheithimh. Siad na conclúidí is mó a thainigh as ná, in ainneoin go gcuireann Achtanna Teanga comhthéacs chun forbartha ar fáil, ní hionann sin agus bheith cinnte go gcaomhnófar teanga. Caitheann an pobal bheith forásach ina n’úsaid agus forbairt dá réir a bheith i réimsí tabhachtacha eile. Ciallaíonn sin polasaí oideachais a thagann le polasaí soláthar seirbhíse i réimsí eile; níl maith ar bith in foirmeacha dhátheangeacha bheith ar fáil in oifigeacha poiblí munar féidir le tomhaltóirí an teanga nuachumtha atá ionntú a thuiscint. Agus tá soláthar bealai cumarsáide craolacháin den riachtanas.
I gcaomhnú teanga, tá gá le greim a bhreith ar shaibhreas feallsúnachta agus tuisceana, ar an dearcadh ar an domhan atá neadaithe inár dteangacha maraon leis an cumas gnáth rud a chur in iúil. Caitear an tsamhlaíocht a bhreith linn. Thug TG4 in Eirinn an bua sin leis; chuir sé méir ar an gcuisle cúi ó thus. Leis an manna Súil Éile, b’oscailt súl don gcomhluadar féachana é.
Tá gá le teangacha bheith i láthair ag na leibhéil éagsúla oideachais, agus go mórmhór san triú leibhéal. Sa bFhionlainn, deintear iarracht soláthar áirithe daoine gairmiúla a bheith ar fail , ar nós dochtúirí, chun go mbéadh doshtúirí in ann seirbhís a thabhairt as Sualannais. Níl Sualannais ionadaíoch ar mhionteangacha I gcoitinne seachas sa chás seo, toisc ar ndóigh go bhfuil ábhar as Sualannais ar fail on Sualainn féin. Ach tá an cur-ghuige seo tabhachtach. Is mór an áis do pháistí agus do dhaoine aosta go mórmhór seirbhís ina máthair theanga.
Ceann de na dushláin is mó- agua tá idir bhagairt agus deis ann- ná luas an ráta athraithe inár sochaí inniu. Tá tabhacht an Bhéala méadaithe ag cé chomh fonnmhar is atá glactha leí ag tíortha nua na hEorpa mar theanga idirnáisiúnta. Tá gach úirlis le fáil i mBéarla agus i ndornán beag eile mór -theangacha; ar fuaid an Aontais Eorpaigh tá an beárna idir iad agus na mionteangacha af leathnú dá réir. Caithfhimíd na beárnaí a líonadh i réimsí ar nós teiripe urlabhra- réimse ina bhfágtar páistí ar lár gan seirbhís ceart, agus go dtréigeann túismitheoiri teanga dá bharr chun ‘cosaint ‘a thabhairt do pháiste ar easpa dul- chun- cinn.
Mar a dhein scoláiri staire tomadh i mentalité na seanaimsire chun fíor- thuiscint a fháil ar an saol, is gá dúinn léargas a fháil ní h’amháin ar na focail ach na bealaí smaointe a bhí ag ár sinsear. Tá cur chuige forásách ó thaobh sintéis teanga a cheadóidh ath -chruthú ar chanúint, ar fhuaimníocht, ar bhéim, indéanta go teicniúil anois. Braitheann speisialtóirí sa réimse seo go bhfuil gá infheistíocht a dhéanamh sa réimse go tapaidh, chun cur le h’iarrachtaí eile. Caithfhidh luas an chaomhnaithe fanacht chun cinn ar luas an chaillteanais chun an cartlann a chomhlánú.
Tá tograí trialach spéisiúla- cuid acu anseo in Albain- a thaispeáineann gur féidir leas a bhaint as mionteangacha chun comluaidair a chothú ar bhealach a thugann torthai an dearfa. Tá riaradh teanga le himircigh bunaithe mar chleachtas anois sa Chatalóin i dtogra ar a nglaotar ‘rannpháirtithe teanga’. Tá daoine de gach sort páirteach, ó sheanóirí go déagoirí a bhíonn ag labhairt a dteanga le daoine ar chomhaois. Táthar á dhéanamh seo le Bascais chomh maith. Imeasc na mbuntáiste a thagann as seo bíonn malartú teanga le himircigh. Islíonn na seifteanna seo an fál idir chomhluadair éagsúla agus is dul- chun cinn núálach atá ann a bhfuil fáilte roimhe i dtaca le stráitéisí eile.
Tá buanna ar leith leis na lionraí nua –bheartaithe, agus beidh éifeacht leo mór acu má bhíonn an t’ábhar ceart faoi réir acu, agus níos tabhachtaí fós, teacht ag an mor-phobal i gcoitinne ar an eolas a cuirtear ar fail. Tá go leor fiannaise ann gur minic nach roinntear eolas ar na comhluadair is mó atá ina ghátar..
Tá alan seifteanna nach n’oibríonn do chách, dá shuimiúla iad, agus ní féidir iad a chur i bfheidhm gan claochlú a dhéanamh orthu. Agus níor chomhair dúinn a cheapadh gur féidir le gach duine feidhmiú tré mhéan leictreonach i cyber-spás…Tá sé den riachtanas go bhfuil raon leathan eagraíochtaí páirteach , go mórmhór iadsan atá ionadaíoch ar phobail teanga beaga.
Agus sinn anseo inniu i Sabhal Mór Ostaig, i dtimpeallacht mar a bhfuil sibh dírithe ar an sprioc bhúr gcultúr logánta féin a chaomhnú agus a neartú, tá súil agam go mbainfhidh gach uile dhuine agaibh amach an sprioc atá agaibh díbh féin. Tá súil agam go mbeidh sibh seiftiúil ó thaobh an Eoraip seo againne a choimeád ilteangach, agus mar chomhluadar de mhúinteoirí , scoláirí agus craoltóirí, go gcoinneóidh sibh súil ghéar ar a bhfuil ag tárlú faoí láthair. Táimíd go léir ‘Walking since Daybreak’…..tá milte le taisteal agus geallúintí le comhlíonadh…
Crioch.
|