Saothar Próis Chúige Uladh 1500–1800

Cá huair a thoisigh Ultaigh a scríobhadh i nGaedhilg? Chan é Cathal Ó Searcaigh a chur tús leis! Ná Séamus 'ac Grianna ná Seaghán 'ac Meanman ach oiread. Is i bhfad roimhe sin a cuireadh tús leis. Agus is truaigh nach bhfuil níos mó eolais againn ar na sean-scríobhnóirí agus ar na leabharthaí sin a scríobh siad, abair, eadar 1500 agus 1800. Nó b'fhéidir gur "tráchtaisí" a b'fhearr a thabhairt orthu in áit leabharthaí, nó is de láimh ar ndóighe a scríobhadh iad.

Chuir "Cú Uladh" — Peadar T Mag Fhionnlaoigh — leabhrán amach in 1925, ar a rabh an teideal Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh, agus is as an leabhar is mó a fuair mé eolas ar an ádhbhar seo. Ní dheánfaidh mé fá láthair mórán níos mó ná liosta de na leabharthaí a luaidh sé a chur in áirde, agus fosta corr-leabhar eile nár luaidh sé.

(CG: = an nod in Corpas na Gaeilge 1600–1882)

Leabhar Chloinne Suibhne, le Ciothruadh Mac Fionnghail (1514)

Amharc Leabhar Chlainne Suibhne leis an Athair Pól Breathnach, 1920. Ach is le craobhacha ginealaighe ag deireadh na láimhscribhinne a bhaineann an t-imleabhar seo, agus níl téacs shaothair Chiothruaidh innti.

Beatha Cholmcille, le Maghnus Ó Domhnaill (1532)

In eagar in irisleabhar Gearmánach c1905, agus in Betha Colaim Chille leis an Athair Aindreas Ó Ceallachair agus Getrude Schöpperle, Ollscoil Chicago, 1918.

Imtheacht na n-Iarlaí, le Tadhg Ó Cianáin (1609) CG:L015

In eagar in The Flight of the Earls leis an Athair Pól Breathnach, Maigh Nuad, 1916; agus in Imeacht na nIarlaí le Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich, 1972.

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, le Lughaidh Ó Cléirigh (c1615) CG:L223 agus CG:L224

In eagar leis an Athair Donnchadh Ó Murchadha c1895, agus leis an Athair Pól Breathnach, 1948 agus 1957.

Scathan Shacramuinte na hAithridhe, le hAodh Mac Aingil (1618) CG:L008

In eagar in Scáthán Shacramainte na hAithrí leis an Athair Cainneach Ó Maonaigh, 1952. Amharc fosta Bráithrín Bocht ó Dhún leis an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, 1985.

Mag Uidhir Fhearmanach, le Ó Luinnín (c1630) CG:L188

In eagar in Me Guidhir Fhearmanach leis an Athair Pádraig Ó Duinnín, 1917.

Annalacha Ríoghachta Éireann, leis an Bhráthair Micheál Ó Cléirigh et al (1632–6) CG:L101 agus CG:L102

In eagar in Annals of the Kingdom of Ireland le Seán Ó Donnabháin i seacht n-imleabhar, 1846.

Cinn-Lae Uí Mhealláin, leis an Athair Tarlach Ó Mealláin (1646) CG:AnHib03 1–61

In eagar in County Louth Archaeological Journal, 1923–30, leis an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh; agus in Analecta Hibernica 3, 1931, le Tadhg Ó Donnchadha (Torna); aistriúchan Béarla in Dúiche Néill 10, 1995/96, le Cathal Dillon.

An Bheatha Chrábhaidh, le Pilib Ó Raghallaigh (1650) CG:L071.

In eagar le Maghnus Ó Domhnaill, 1938. Amharc fosta Charles Dillon, An Bheatha Chrábhaidh: A ‘Popular’ Translation

Tóraidheacht Gruaidhe Ghrian-sholuis, le hÉadhmonn Ó Donnghaile (1679) CG:L197

In eagar le Cecile Ní Rathaille, c1924.

Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muileann, le hEoghan Ó Donnghaile (1680) CG:L176

In eagar leis an tSagart Seosamh Ó Dufaigh agus le Brian E Rainey, 1981.

Eachtra Ghruagaigh na Creige agus na Cruite 's an Tiompáin (1682–1712) CG:Éigse14 319–337

As ceanntar Mhachaire Rátha, Co Dhoire. In eagar le Nicholas Williams in Éigse, 1971–72. Amharc fosta Ciarán Ó Maitiú in Seanchas Ard Mhacha, 2013.

Corpus Astronomiae, leis an tSagart Maghnus Ó Domhnaill (1694) CG:L256

In eagar le F W O'Connell agus R M Henry, 1915.

Leabhar Chloinne Raghnaill, le Niall Mac Mhuireadhaigh (c1700) CG:RelCelt2 138-309

In eagar le Seosamh Laoide, 1914.

Eachtra Aodh Mhic Goireachtaigh, le hÉamonn Óg Mhac Aonghusa (?) (1707–1727) CG:Éigse13 111–142

As ceanntar Fhoircheall, Co Árd Mhacha. In eagar le Nicholas Williams in Éigse in 1970.

Seanmóirí Uí Ghallchobhair, leis an Easbag Séamus Ó Gallchobhair (1735) CG:L063

An leabhar Gaedhilge is mó a rabh díol ariamh air. Foillsigheadh 25 eagrán eadar 1735 agus 1911.

Toruidheacht ar Lorg Chríosta, leis an Athair Séamas Mac Póilín (1762). CG:L245

In eagar leis an Athair Domhnall Ó Tuathail, 1915.

Níltear cinnte an é Mac Póilín a rinne an t-aistriúchán seo.  Ach murab é féin, rinne sé óráid ar uaigh Eoghain Uí Néill (1744) — CG:UJA(2)03 258–271 agus CG:UJA(2)04 50–55 — agus An Teagasc Críostaí (1748, 1782) — amharc Francis McPolin, "An Old Irish catechism from Oriel", Irish Ecclesiastical Record 69 (1947) 509–517.

The Spiritual Rose, le Matthew Kennedy agus Brian Callan (1800) CG:L351

Foillsigheadh é 1800, agus bhí tuilleadh eagrán ann (McKenna xiv). Leabhar urnaighe é, aistriúchán don chuid is mó. In eagar le Malachy McKenna, 2001.

Amharc fosta tráchtas M.A. gan fhoillsiughadh (QUB), The Irish dialect of County Monaghan le John Patrick O'Boyle (Seán Ó Baoill), 1957.

An introduction to the Irish language, le William Neilson (1808) CG:L105 agus CG:L106 agus CG:L107 ach ní hann dó.

Tá trí chuid ann: gramadach, ráidhtí agus comhráidhtí, sliochta as na mór-leabharthaí.  Foillsigheadh é in 1808, agus eagrán athruighthe in 1843.  Cuireadh athchló ar an bhunleagan in 1990.  Amharc fosta Séamas Ó Saothraí, An Ministir Gaelach, 1992.

Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill (1853) CG:L090

In eagar le Colm Beckett, 1967.

 

Amharc fosta: Díolaim Próis 1450–1850 leis an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, 1971.

Cnuasachtaí filidheachta:
Duanaire na Midhe, le Seosamh Laoide (1914)
Céad de Cheoltaibh Uladh, le Énrí Ó Muirgheasa (1915)
Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh agus amhráin eile, le Énrí Ó Muirgheasa (c1916)
Amhráin Sheumais Mhic Chuarta (an cheud chuid), le Lorcán Ua Muireadhaigh (1925)
Amhráin Chúige Uladh (I, 1927; II, 1937), le Lorcán Ua Muireadhaigh; atheagrán le Colm Ó Baoill (1977)
Amhráin na Midhe (cuid a haon), le Énrí Ó Muirgheasa (c1933)
Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, le Énrí Ó Muirgheasa (1934)
Dánta Diadha Uladh, le Énrí Ó Muirgheasa (1936)
Peadar Ó Doirnín, le Seán de Rís (1969)
Peadar Ó Doirnín: Amhráin, le Breandán Ó Buachalla (1969)
Séamus Dall Mac Cuarta: Dánta, le Seán Ó Gallchóir (1971)
Séamus Mac Giolla Choille, le Seosamh Ó Duibhghinn (1972)
Art Mac Cumhaigh: Dánta, le Tomás Ó Fiaich (1973)
Cathal Buí: Amhráin, le Breandán Ó Buachalla (1975)
Pádraig Mac a Liondain: Dánta, le Seosamh Mag Uidhir (1977)
Art Mac Bionaid: Dánta, le Tomás Ó Fiaich agus Liam Ó Caithnia (1979)
Aodh Mac Domhnaill: Dánta, le Colm Beckett (1987)
Muiris Ó Gormáin: Beatha agus Saothar Fileata, le Nioclás Mac Cathmhaoil (2013)

agus leabharthaí eile ar dhaoine ón tréimhse:
Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, le Tomás Ó Cléirigh (1935)
Bráithrín Bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil, le Anraí Mac Giolla Chomhaill (1985)
Down's Angelic Genius - Aodh Mac Aingil, le Patrick Kearns (1985)
Nioclás Ó Cearnaigh: Beatha agus Saothar, le Seán Ó Dufaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin (1989)
Peadar Ó Gealacáin: Scríobhaí, le Ciarán Dawson (1992)
An Ministir Gaelach Uilliam Mac Néill (1774–1821), le Séamas Ó Saothraí (1992)

agus altanna:
An Old Irish catechism from Oriel, le Francis McPolin (Irish Ecclesiastical Record 1947 lgh 509–517)
An tAthair Pulleine, le Brian Mac Thréinfhir (An tUltach 7/1963 lgh 6&18 agus 8/1963 lch 7)
Udar Toruidheacht na Bhfireun air Lorg Chriosda, le Séamus P Ó Mordha (Studia Hibernica 1963 lgh 155–172)
Tóruidheacht na bhFíreun air Lorg Chríosda (1762): the translator, le Anselm Faulkner (Éigse 1973–4 lgh 303–311)
James Pulleine, an 18th century Dean of Dromore, le Patrick Kearns (Seanchas Ard Mhacha 1984 lgh 70–79)
Muiris Ó Gormáin's English–Irish phrasebook, le T P McCaughey (Éigse 1967–68 lgh 203–27)
Pádraig Ó Loingsigh: saol agus saothar, le Brian Mac Giolla Fhinnéin (Seanchas Ard Mhacha 1993 lgh 98–124)
Pádraig Ó Pronntaigh: Scríobhaí agus File, le Seán Mac Labhraí (Seanchas Ard Mhacha 2013 lgh 251–290)


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2013/12/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница